An tIonad Barr Feabhais
Intéirneachtaí le hInstitiúidí an Aontais Eorpaigh
Scéim 2025-26
Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Scéim Intéirneachtaí ar fáil do chéimithe lenar féidir leo tréimhse intéirneachta a dhéanamh le hInstitiúidí an Aontais Eorpaigh.
Tréimhse: Deireadh Fómhair – Lúnasa (9 mí).
Liúntas: Fostófar na hintéirnigh mar Oifigigh Feidhmiúcháin i Státseirbhís na hÉireann, agus iad á dtabhairt ar iasacht ansin don institiúid Eorpach ábhartha. Is ar phointe 1 de scála tuarastail an Oifigigh Feidhmiúcháin a fhostófar na hintéirnigh.
Is i bhfostaíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a bhíonn na hIntéirnigh agus iad ar iasacht leis an Institiúid chuí Eorpach.
Iarratas a dhéanamh: Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim reatha anseo.
Spriocdháta: Is é Dé hAoine, an 13 Meitheamh, an spriocdháta le haghaidh iarratais.
Critéir cháilitheachta
Glacfar le hiarratais ar an bhfoirm iarratais ó chéimithe:
- a bhfuil cáilíocht ag leibhéal 8 ar a laghad acu (riachtanach) nó atá ar tí cáilíocht dá leithéid sin a bhaint amach sula dtosaí tréimhse na hintéirneachta
- a bhfuil sár-chaighdeán Gaeilge acu (riachtanach)
- a bhfuil taithí oibre shásúil mar aistritheoir nó mar phrofléitheoir acu (inmhianaithe)
- a bhfuil eolas maith ar bhogearra aistriúcháin ríomhchuidithe acu (inmhianaithe)
- a bhfuil cáilíocht iarchéime ollscoile i staidéar an aistriúcháin acu (inmhianaithe)
Scrúdú / Agallamh
Cuirtear iarrthóirí faoi agallamh agus bíonn scrúdú aistriúcháin agus scrúdú profléitheoireachta le déanamh chomh maith. Déantar iarrthóirí a ghearrliostú bunaithe ar an eolas a chuirtear ar fáil san fhoirm iarratais.
Is ar líne a bhíonn an scrúdú agus na hagallaimh ar siúl i lár mhí an Mheithimh de ghnáth. Ní mór duit a chinntiú, agus iarratas á dhéanamh agat, go mbeidh tú ar fáil sa tréimhse sin don scrúdú agus don agallamh ar líne.
Reáchtálfar an scrúdú ar líne an 2 Iúil 2025 agus reáchtálfar na hagallaimh an 3 Iúil 2025.